Réamhrá

Cé gur féidir leat do theach féin a choinneáil glan díghalraithe, méadaíonn dul amach chuig siopaí nó chuig spásanna poiblí baol na tógála.

Is féidir le dromchlaí ar minic lámh orthu, amhail cuntair shiopa agus caidéil pheitril, a bheith truaillithe má leag duine tinn lámh orthu romhat. Agus cé gur cheart duit a chuimhneamh fad a choinneáil idir thú féin agus daoine eile, seans go dtarlófá i ngan fhios in aice le daoine tinne agus tú ag fanacht i scuaine le bunriachtanais a cheannach.

I dtaca le tú féin agus le daoine eile a chosaint ar ionfhabhtú le linn ráige, tá sé ina chuidiú masc aghaidhe agus miotóga aon uaire a bheith ort agus tú ag dul amach.

Tugann an leabhrán seo eolas ar an dóigh cheart le maisc aghaidhe agus le miotóga a úsáid. 

Maisc Aghaidhe

Is féidir le maisc aghaidhe cuidiú le teorainn a chur le scaipeadh frídíní nuair a labhraíonn duine tinn, nó nuair a dhéanann sé casacht nó sraoth. Ach na maisc sin a bheith orthu, is féidir le daoine tinne cuidiú le scaipeadh galair chuig daoine eile a chosc.

Bíodh masc ort má tá tú tinn le galar teagmhálach, nó den tuairim go bhfuil.

Tá sé tábhachtach fosta a fhios a bheith agat go bhféadfá a bheith aicídeach i ngan fhios go fiú. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh frídíní i gcorp duine ach gan airí ar bith den tinneas air. Ach is féidir le duine eile i dteagmháil leis a bheith ionfhabhtaithe go fóill.

Dá bhrí sin, ba chóir masc a bheith i gcónaí ort agus tú thart ar sheandaoine nó thart ar dhaoine a bhfuil fadhbanna sláinte acu le scaipeadh frídíní a laghdú.

Bíodh masc ort fosta más dócha go dtiocfaidh tú i dteagmháil le daoine ionfhabhtaithe.

Is féidir le masc feidhm eile a chomhlíonadh—is féidir leis cuidiú leat gan lámh a leagan ar do bhéal ná ar do shrón.

Mar shampla, má leagann tú lámh ar dhromchla a thruailligh duine tinn a leag lámh air romhat, beidh frídíní ar do chuid lámh. Má chuireann tú do lámh ar do bhéal nó ar do shrón ina dhiaidh sin, rachaidh na frídíní isteach i do chorp agus tú a ionfhabhtú. Tá sé sin ar cheann de na bealaí is mó a scaiptear frídíní.

Mar sin, is féidir le masc cuidiú le hionfhabhtú a chosc mar is lú an seans go leagfá lámh ar do bhéal agus ar do shrón féin agus ceann ort.

An Dóigh le Masc a Chur Ort

  1. Sula gcuireann tú masc aghaidhe ort, nigh do chuid lámh le gallúnach agus uisce. Mura bhfuil siad sin ar fáil, úsáid díghalrán lámh.
  2. Scrúdaigh an masc lena chinntiú nach bhfuil stróiceadh ná poll follasach air a d’fhágfadh neamhéifeachtach é.
  3. Faigh amach cé acu taobh den mhasc an tosach. Is é taobh daite an mhaisc an taobh amuigh.
  4. Faigh amach cé acu taobh den mhasc an barr. Má tá fáiscín sróine (imeall righin inlúbtha) ar an masc, tá sé sin le cruth do shróine a ghabháil, agus is é sin an barr.
  5. Má tá bandaí leaisteacha ar do mhasc a théann thar do cheann, coinnigh an masc ar d’aghaidh agus tú ag síniú na mbandaí thar do cheann lena dhaingniú in áit.
  6. Má tá lúba cluaise ar do mhasc, beir greim ar an masc leis na lúba, agus cuir lúb thart ar gach cluas.
  7. Má tá strapaí do mhaisc insocraithe, teann iad de réir mar is gá chun cuidiú leis an masc a choinneáil ina áit.
  8. Mura bhfuil strapaí do mhaisc insocraithe, is féidir leat iad a ghiorrú, más gá, chun cuidiú leis an masc a choinneáil in áit. Níl le déanamh ach gach strapa a chasadh ina lúb agus lúb acu a chur thart ar gach cluas.
  9. Socraigh an fáiscín sróine. Bain úsáid as barr na méar ar an dá lámh chun an fáiscín sróine a shocrú go daingean ar chaol do shróine.
  10. Nóta: Má tá spéaclaí ort, cuideoidh fáiscín sróine atá socraithe mar is ceart le gal a choinneáil ó na spéaclaí.

    Ach do spéaclaí a leagan ar bharr an mhaisc aghaidhe, beidh bac freisin ar aer éalú agus gal a theacht ar na lionsaí dá bharr.

  11. Tarraing bun an mhaisc chomh fada agus is féidir thar do bhéal agus thar do smig.
  12. Déan cinnte go gclúdaíonn sé d’aghaidh ó chaol na sróine síos go bun na smige.

    Mícheart
  13. Ná caith an masc faoi do smig.
  14. Mícheart
  15. Ná caith an masc ar dhóigh a bhfágann do smig nochta.
  16. Mícheart
  17. Ná caith an masc ag barr do shróine.
  18. Mícheart
  19. Ná caith an masc faoi do shrón. Ní fiú sin.
  20. Mícheart
  21. Má fhágann tú do shrón nó do bhéal nochta, beidh bealach isteach éasca ag frídíní. Agus ní hamháin go mbeadh baol ann go scaipfeá frídíní ar dhaoine eile agus iad a ionfhabhtú, bheifeá ag truailliú thosach do mhaisc.
  22. Ceart
  23. Am ar bith a gcaitheann tú masc aghaidhe, déan cinnte go bhfuil do shrón, do bhéal agus do smig clúdaithe go hiomlán.
  24. Athraigh do mhasc ar a laghad uair sa lá nó chomh luath agus a éiríonn sé tais nó salaithe. Má tá amhras ar bith ort faoi mhasc, bain díot láithreach é, faigh réidh leis, nigh do chuid lámh agus faigh ceann úr.

An Dóigh le Masc a Bhaint Díot

Ach masc aghaidhe a bhaint díot mar is ceart, laghdóidh tú an baol go scaipfear baictéir nó víreas ar do chraiceann lom nó ar na dromchlaí thart ort. Le masc aghaidhe a bhaint díot, déan an méid seo a leanas:

  1. Sula mbaineann tú masc aghaidhe díot, nigh do chuid lámh le gallúnach agus uisce. Mura bhfuil siad sin ar fáil, úsáid díghalrán lámh.
  2. Seachain lámh a leagan ar an gcuid sin den mhasc a chlúdaíonn an aghaidh. Ná leag lámh ach ar na bandaí agus ar na lúba a úsáidtear lena dhaingniú.
  3. Má tá bandaí leaisteacha ar do mhasc a théann thar do cheann, tóg an banda íochtair thar do cheann ar dtús, agus ansin, tarraing an banda uachtair thar do cheann.
  4. Má tá lúba cluaise ar do mhasc, beir greim orthu beirt agus tóg go bog iad leis an masc a bhaint.
  5. Faigh réidh leis an masc tar éis gach úsáide. Ná hathúsáid in am ar bith é.
  6. Nigh do chuid lámh go mion.
Miotóga Aon Uaire

Tá sé ina chuidiú miotóga aon uaire a bheith ort fosta le tarchur frídíní a chosc.

Tá bealach ceart le miotóga aon uaire a chur ort ionas go mbeidh siad éifeachtach.

An Dóigh le Miotóga Aon Uaire a Chur Ort

Roghnaigh an mhéid chuí miotóg. Méadaíonn miotóga den mhéid mhícheart an baol gortaithe nó truaillithe. Má tá na miotóga rómhór, laghdóidh ábhar scaoilte na miotóg do dheaslámhacht agus do chumas greim a fháil.

Cuir miotóga ort mar seo a leanas:

  1. Bain d’uaireadóir, d’fháinní agus seodra eile de do chuid lámh. Is ar mhaithe le stróiceadh de thaisme sna miotóga a chosc atá sé sin.
  2. Nigh do chuid lámh le gallúnach agus uisce. Mura bhfuil siad sin ar fáil, úsáid díghalrán lámh.
  3. Faigh greim ar thaobh istigh agus ar thaobh amuigh chufa na miotóige lena tógáil. Bí cúramach lámh a leagan a laghad agus is féidir ar thaobh amuigh na miotóige. Sleamhnaigh do lámh eile go cúramach isteach sa mhiotóg.
  4. Ná socraigh an mhiotóg ar do lámh go mbeidh an mhiotóg eile ort.

  5. Faigh greim ar thaobh istigh agus ar thaobh amuigh chufa na miotóige lena tógáil agus cuir ort an mhiotóg de réir na dtreoracha thuas.
  6. Seiceáil lena chinntiú nach bhfuil stróiceadh, sracadh ná poll le feiceáil sna miotóga. Má tá a leithéid ann, bain na miotóga, nigh do chuid lámh, agus cuir ort miotóga nua.
  7. Tarraing gach cufa i dtreo chaol na láimhe leis an oiread craicinn agus is féidir a chlúdach, agus daingnigh an mhiotóg.
  8. Má leagann tú lámh ar d’aghaidh, má stróiceann miotóg, nó má tá amhras ar bith ort faoi na miotóga a bheith salach nó truaillithe:
  9. a. Bain na miotóga láithreach bonn agus faigh réidh leo.
  10. b. Nigh do chuid lámh go mion.
  11. c. Cuir ort péire úr miotóg.

An Dóigh le Miotóga Aon Uaire a Bhaint Díot

Ach miotóga aon uaire a bhaint díot mar is ceart, laghdóidh tú an baol go scaipfear baictéir nó víreas ar do chraiceann lom nó ar na dromchlaí thart ort. Le miotóga aon uaire a bhaint díot, déan an méid seo a leanas:

  1. Bain díot na miotóga in áit ghlan, ní cóngarach do bhia ná do dhromchla ar bith a mbíonn bia air.
  2. Faigh greim ar an taobh amuigh de mhiotóg amháin ag caol na láimhe.
  3. Tarraing anuas í, ar shiúl ó chaol na láimhe, ag casadh na miotóige taobh istigh amuigh. Tarraing an mhiotóg ar shiúl go mbeidh sí bainte de do lámh.
  4. Coinnigh an mhiotóg atá taobh istigh amuigh sa lámh a bhfuil miotóg uirthi ar fad.
  5. Leis an lámh gan mhiotóg, sleamhnaigh do chuid méar faoi chaol láimhe na miotóige. Ná leag lámh ar dhromchla amuigh na miotóige.
  6. Tarraing anuas í, ar shiúl ó chaol na láimhe, ag casadh na miotóige taobh istigh amuigh. Tarraing an mhiotóg ar shiúl go mbeidh sí bainte de do lámh.
  7. Lean ort ag tarraingt na miotóige anuas, thar an chéad mhiotóg. Cinntíonn sé sin go mbíonn an dá mhiotóg taobh istigh amuigh agus nach dtagann ábhar truaillithe ar bith i dteagmháil le do lámha loma.
  8. Faigh réidh leis na miotóga i ndiaidh gach úsáide. Ná hathúsáid in am ar bith iad.
  9. Nigh do chuid lámh go mion.
An Teach a Fhágáil agus Filleadh Air
  1. Má tá ráig i do cheantar, ná fág do theach ach ar mhaithe le rudaí riachtanacha nó de réir mar a cheadaíonn rialacha áitiúla.
  2. Má chaitheann tú an teach a fhágáil, bíodh masc aghaidhe agus miotóga aon uaire ort.
  3. Coinnigh fad idir thú féin agus daoine eile in áiteanna poiblí.
  4. Sula dtéann tú isteach i do theach arís, déan na rudaí seo a leanas:
    • a. Bain díot do bhróga agus iad a fhágáil taobh amuigh nó iad a spraeáil le dífhabhtán.
    • b. Bain díot an masc agus na miotóga aon uaire.
    • c. Le péire úr miotóg, díghalraigh earra ar bith a d’úsáid tú nuair a bhí tú amuigh—eochracha, cártaí creidmheasa, tiachóg, etc.
  5. Faigh réidh leis na miotóga.
  6. Nigh do chuid lámh go mion.
Achoimre

Agus masc aghaidhe nó miotóga ort, bain úsáid as na teicnící sa leabhrán seo le hiad a chur ort agus le hiad a bhaint díot. Fágfaidh sé sin níos éifeachtaí iad i dtaca le do chosaint ar scaipeadh frídíní. 



Is ar mhaithe le heolas amháin atá an t-eolas atá curtha ar fáil anseo, agus níor chóir a thuiscint gur ionadaí é ar chomhairle ghairmiúil leighis. Iarr i gcónaí comhairle ar do dhochtúir nó ar sholáthraithe cáilithe eile cúraim sláinte maidir le ceist ar bith atá agat.


Acmhainní Breise

Íoslódáil agus priontáil na comharthaí seo le húsáid sa bhaile agus/nó i do ghnó riachtanach.

Fad a Choinneáil idir Daoine

Is bealach éifeachtach é chun cosc a chur le scaipeadh tinnis agus ionfhabhtaithe é scaradh sóisialta a dhéanamh.

Teagmháil Phearsanta

Ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht gach duine, ná déan teagmháil phearsanta le daoine eile, le do thoil.

Nós Imeachta le Lámha a Ní

Is é ceann de na bealaí is éifeachtaí chun cosc a chur le scaipeadh frídíní é do lámha a ní.

Díghalrán Lámh

Baintear úsáid as díghalrán lámh chomh maith leis na lámha a ní, nó in áit nó suíomh nach bhfuil gallúnach agus uisce le fáil láithreach.