NÓS IMEACHTA LE LÁMHA A NÍ

Is é ceann de na bealaí is éifeachtaí chun cosc a chur le scaipeadh frídíní é do lámha a ní.

Cloígh leis na céimeanna seo gach uair a níonn tú do lámha:

Fliuch do lámha le huisce reatha atá glan agus te.
Déan sobal ar do lámha le gallúnach.
Sciúr cúl do lámh, idir do mhéara, agus faoi d’ingne ar feadh 20 soicind ar a laghad.
Sruthlaigh do lámha go maith faoi uisce glan reatha.
Triomaigh do lámha le tuáille glan, nó triomaigh san aer iad.
Úsáid tuáille leis an sconna a chur as.

(Íoslódáil agus priontáil an comhartha seo sa bhaile agus/nó i do ghnó riachtanach)

DÍGHALRÁN LÁMH

Níor cheart úsáid a bhaint as díghalrán lámh in ionad do lámha a ní.

Baintear úsáid as díghalrán lámh chomh maith leis na lámha a ní, nó in áit nó suíomh nach bhfuil gallúnach agus uisce le fáil láithreach.

Bain úsáid as díghalrán lámh idir na huaireanta a níonn tú do lámha, le do thoil, le do lámha a choinneáil glan agus saor ó fhrídíní.

(Íoslódáil agus priontáil an comhartha seo sa bhaile agus/nó i do ghnó riachtanach)