Réamhrá: An Fáth a bhfuil an Cosc Tábhachtach

Tá sé amuigh ar ghalair áirithe gur baictéir nó víris dhochracha is cúis leo, rudaí a dtugtar frídíní go coitianta orthu. Is féidir le hionfhabhtuithe de bharr frídíní a bheith éadrom, amhail an slaghdán, ach tá siad ann fosta arbh fhéidir leo a bheith géar nó fiú bagrach don bheatha, amhail an fliú, nimhiú bia agus scornach streipeach.

Is féidir le frídíní scaipeadh ó dhuine go duine, trí chasacht, sraoth nó croitheadh láimhe, mar shampla. Taobh leis sin, ach lámh a leagan ar rud ar leag duine ionfhabhtaithe lámh air, amhail cuntar oibre nó peata, is féidir frídíní a thógáil. Bealach eile a scaiptear frídíní ná bia nó deoch atá ionfhabhtaithe a ithe nó a ól. Is féidir go dtarchuirtear frídíní fosta de thoradh duine teacht i dteagmháil le feithidí nó le hainmhithe eile a iompraíonn an t-ionfhabhtú.

Ní sonra nach eol é gur féidir le galair scaipeadh. Ach rud nach eol, b’fhéidir, ná gur féidir le galar scaipeadh le linn tréimhsí goir—an tréimhse sula mbíonn airíonna le sonrú ar dhuine agus sula dtuigeann sé go bhfuil tinneas air. Dá bhrí sin, caithfidh réamhchúraimí sábháilteachta a bheith ann an t-am ar fad leis an mbaol go scaipfí galar a laghdú.

Is féidir le cur i bhfeidhm na dtreoirlínte bunúsacha atá sa leabhrán seo tinneas a chosc sa chéad dul síos.

Sláinte Ghinearálta

Is dual do do chorp frídíní agus tocsainí sa timpeallacht a throid. Chun tuilleadh cosanta a thabhairt do do chorp ar thinneas, cuidíonn na réamhchúraimí seo a leanas:

  1. Bíodh neart codlata agat.
  2. Ith béilí go rialta a bhfuil bia cothaitheach iontu.
  3. Déan aclaíocht go rialta.

Sláinteachas Pearsanta

Is bealach éifeachtach le scaipeadh frídíní, agus le tarchur galar teagmhálach a chosc é cloí le sláinteachas maith pearsanta.

Nigh do lámha

  1. Nigh do lámha.
  2. Tá níochán lámh ar cheann de na bealaí is éifeachtaí le scaipeadh frídíní a chosc. Nigh do lámha go rialta, go háirithe i ndiaidh na ngníomhaíochtaí seo a leanas:
    1. a. Do shrón a shéideadh, casachtach agus sraothartach
    2. b. An leithreas a úsáid
    3. c. Roimh, le linn agus i ndiaidh bia a ullmhú
    4. d. Roimh agus i ndiaidh ithe
    5. e. Roimh agus i ndiaidh aire a thabhairt do dhuine tinn
    6. f. Roimh agus i ndiaidh cóireáil a chur ar ghearradh nó ar chréacht
    7. g. I ndiaidh dramhaíl a láimhseáil
    8. h. I ndiaidh lámh a leagan ar ainmhí, ar a bhia nó ar a chac
  3. Agus tú ag ní do chuid lámh, úsáid gallúnach agus uisce te. Sciúr do chuid lámh go mion ar feadh fiche soicind ar a laghad; ansin, sruthlaigh agus triomaigh le tuáille glan nó san aer iad. Úsáid tuáille leis an sconna a chur as.
  4. Úsáid díghalrán lámh.
  5. Is féidir díghalráin lámh a úsáid, ach ní in ionad níochán lámh. Úsáidtear iad sa bhreis ar níochán lámh nó san áit nach bhfuil gallúnach agus uisce ar fáil. Úsáid díghalrán lámh ina bhfuil ar a laghad 60% d’alcól.
  6. Seachain earraí pearsanta a roinnt a oiread agus is féidir.
  7. Le gan frídíní a scaipeadh, ná roinn uirlisí, gloiní óil, cupáin ná soithí eile. Chomh maith leis sin, ná roinn tuáillí, éadaí leapa, cíora, scuaba, rásúir ná earraí pearsanta eile.
  8. Ná leag lámh ar d’aghaidh.
  9. Feidhmíonn do chraiceann mar bhac ar fhrídíní, ach tá do chuid súl, do shrón agus do bhéal níos leochailí. Nigh do chuid lámh go mion sula leagann tú lámh ar d’aghaidh, sula n-itheann tú agus sula n-ólann tú.
  10. Clúdaigh thú féin agus tú ag casacht agus ag sraothartach.
  11. Má dhéanann tú casacht nó sraoth, déan sin ar chiarsúr nó i d’uillinn le cosc a chur ar fhrídíní taisteal tríd an aer.
  12. Seachain daoine tinne.
  13. Seachain teagmháil le daoine tinne, agus éiligh orthu iad féin a aonrú ó dhaoine eile go dtiocfaidh biseach orthu agus go mbeidh siad saor ó airíonna.
  14. Seachain teagmháil le peataí agus le hainmhithe eile le linn tinnis.
  15. Má dhéanann duine tinn bánaí lena mhadra nó lena chat, mar shampla, b’fhéidir go bhfágfadh sé frídíní ar fhionnadh an pheata a dtiocfadh iad a tharchur chuig daoine eile a dhéanann bánaí leis an bpeata ina dhiaidh sin.

Glanadh agus Díghalrú

Is cuid thábhachtach de scaipeadh galar aicídeach a chosc é sláinteachas ceart. Áit a bhíonn in úsáid ag líon mór daoine, teastaíonn glanadh agus díghalrú go rialta.

Is féidir salachar a fheiceáil agus a chuimil ar shiúl. Ach cé go bhfágfar áit saor ó shalachar agus ó neamhghlaine eile i ndiaidh a ghlanta, ní bhainfear gach frídín a d’fhéadfadh a bheith ar dhromchla le glanadh amháin.

Baineann díghalrú an rud nach féidir a fheiceáil—orgánaigh mhicreascópacha a chothaíonn galar, amhail baictéir agus víris. Mar sin, a luaithe agus atá dromchla glanta, tá sé tábhachtach dromchla ar bith ar a leagtar lámh go minic a dhíghalrú ar mhaithe le sláinteachas ceart.

Táirgí don Díghalrú

Buidéal Spraeála

  1. Le dromchla a dhíghalrú, úsáid gnáth-dhífhabhtán, amhail sárocsaíd hidrigine. Úsáid tiúchan ar bith idir 3% (gnáth-ghrád tí) agus 7.9%.
  2. Dífhabhtán éifeachtach eile iad alcól arbhair agus alcól cuimilte. Úsáid táirgí alcólbhunaithe a bhfuil 70% d’alcól ar a laghad iontu. bain úsáid as táirge a bhfuil tiúchan alcóil os cionn 90% ann, mar go n‑imeoidh sin ina ghal sula maróidh sé víris.
  3. Is féidir tuaslagán tuarthóir-agus-uisce a úsáid ina bhfuil 1/12 de chupán (4 taespúnóg) i ngach cart d’uisce fionnuar (20 ml de thuarthóir i ngach lítear d’uisce fionnuar). Agus tuaslagán tuarthóra á dhéanamh agat, seiceáil i gcónaí dáta éaga an bhuidéil lena chinntiú nach bhfuil an tuarthóir ó mhaith.
  4. Nóta: ná measc tuarthóir in am ar bith le tuaslagán ná le leacht ar bith eile glantacháin ach uisce.
  5. Léigh agus lean treoracha an déantóra i gcónaí maidir le húsáid an táirge dífhabhtáin, ar a n-áirítear an fad atá sé le fágáil ar dhromchla.

Áiteanna le Díghalrú

  1. Glan agus díghalraigh gnáthdhromchlaí ar minic lámh orthu agus áiteanna gnóthacha i do theach agus i d’áit oibre, arís agus arís tríd an lá, ag brath ar a mhinice a úsáidtear iad:

    • Áiteanna a mbíonn páistí
    • Murláin
    • Ráillí staighre
    • Cuntair oibre
    • Fóin
    • Barra deisce
    • Táblaí
    • Uillinneacha cathaoireacha
    • Gnáthdhromchla ar bith eile ar minic lámh air
  2. Díghalraigh do sheomra(í) folctha:

    • Murláin
    • Thart ar an doirteal
    • Cithfholcadáin
    • Leithris
  3. Má úsáideann tú feithicil le taisteal, díghalraigh na dromchlaí:

    • Roth stiúrtha
    • Murláin
    • Dromchla ar bith eile ar minic lámh air

Tinneas agus Airíonna a Láimhseáil

Má thagann tinneas ort, nó má tá airíonna ort a d’fhéadfadh a bheith ag cur in iúl go bhfuil tú tinn, seachain teagmháil le daoine eile, agus faigh cúram ceart leighis de réir mar is gá.

Aonrú

Ciallaíonn aonrú tú féin a scaradh amach ionas nach gcuirfear frídíní ar bith ar aghaidh chuig daoine eile.

Agus tú tinn nó den tuairim go bhfuil tú tinn le galar teagmhálach, seachain teagmháil le daoine eile a oiread agus is féidir. Ná téigh ag obair ná amach tríd an phobal má tá neart agat air.

Sa bhaile, is féidir leat rudaí a dhéanamh le cuidiú leis an mbaol do dhaoine eile a laghdú má tá tú i do chónaí in áras rannta:

  1. Codail i seomra ar leith.
  2. Úsáid leithreas nach n-úsáideann daoine eile sa teach.
  3. Seachain áiteanna rannta sa teach.
  4. Seachain peataí.
  5. Cinntigh go nglantar do níochán leis féin, scartha ó níochán daoine eile.
  6. Úsáid soithí agus uirlisí aon uaire.

Ráigeanna
Foláireamh

I gcás ráig galair thógálaigh i do cheantar, tá gníomhartha breise réamhchúraim ba chóir duit a dhéanamh sa bhaile agus san áit oibre.

Teagmháil le Daoine

Le linn ráig galair thógálaigh, seachain teagmháil fhisiciúil le daoine eile, ar a n-áirítear na cineálacha teagmhála seo a leanas:

Barróg
Barróg
Pógadh
Pógadh
Bualadh dorn
Bualadh dorn
Bosa in airde
Bosa in airde
Croitheadh lámh
Croitheadh lámh

Scaradh Sóisialta

Scaradh Sóisialta
6 troigh
(2 méadar)

Ó tharla gur féidir le frídíní scaipeadh trí chasacht agus trí shraoth, moltar go gcoinníonn tú ar a laghad sé troithe (dhá mhéadar) idir thú féin agus daoine eile le linn ráig ghalair.

Agus tú ag caint le daoine eile, ag ithe nó i mbun imeachtaí sóisialta eile, cuideoidh fad áirithe a choinneáil eadraibh tú féin agus daoine eile a choinneáil saor ó thinneas.

Maisc Aghaidhe

Is féidir le maisc aghaidhe cuidiú le teorainn a chur le scaipeadh frídíní nuair a labhraíonn duine tinn, nó nuair a dhéanann sé casacht nó sraoth. Ach na maisc sin a bheith orthu, is féidir le daoine tinne cuidiú le scaipeadh galair chuig daoine eile a chosc.

Bíodh masc ort má tá tú tinn le galar teagmhálach, nó den tuairim go bhfuil.

Mar d’fhéadfá a bheith aicídeach i ngan fhios agus gan bheith ag léiriú airíonna ar bith, bíodh masc i gcónaí ort agus tú thart ar sheandaoine nó thart ar dhaoine a bhfuil fadhbanna sláinte acu le scaipeadh frídíní a laghdú.

Bíodh masc ort fosta más dócha go dtiocfaidh tú i dteagmháil le daoine ionfhabhtaithe.

Is féidir le masc feidhm eile a chomhlíonadh—is féidir leis cuidiú leat gan lámh a leagan ar do bhéal ná ar do shrón.

Mar shampla, má leagann tú lámh ar dhromchla a thruailligh duine tinn a leag lámh air romhat, beidh frídíní ar do chuid lámh. Má chuireann tú do lámh ar do bhéal nó ar do shrón ina dhiaidh sin, rachaidh na frídíní isteach i do chorp agus tú a ionfhabhtú. Tá sé sin ar cheann de na bealaí is mó a scaiptear frídíní.

Mar sin, is féidir le masc cuidiú le hionfhabhtú a chosc mar is lú an seans go leagfá lámh ar do bhéal agus ar do shrón féin agus ceann ort.

Ba cheart maisc a athrú ar a laghad uair sa lá nó chomh luath agus a éiríonn siad tais nó salaithe.

An Dóigh le Masc a Chur Ort

  1. Sula gcuireann tú masc aghaidhe ort, nigh do chuid lámh le gallúnach agus uisce.
  2. Scrúdaigh an masc lena chinntiú nach bhfuil stróiceadh ná poll follasach air a d’fhágfadh neamhéifeachtach é.
  3. Faigh amach cé acu taobh den mhasc an tosach. Is é taobh daite an mhaisc an taobh amuigh.
  4. Faigh amach cé acu taobh den mhasc an barr. Má tá imeall righin inlúbtha ar an masc, tá sin in ainm múnlú i gcruth do shróine, agus is é an barr é.
  5. Má tá bandaí leaisteacha ar do mhasc a théann thar do cheann, coinnigh an masc ar d’aghaidh agus tú ag síniú na mbandaí thar do cheann lena dhaingniú in áit.
  6. Tarraing bun an mhaisc thar do bhéal agus thar do smig.
  7. Faigh réidh leis an masc tar éis gach úsáide. Ná hathúsáid in am ar bith é.
  8. Nigh do chuid lámh go mion.

Miotóga Aon Uaire

Cé gur féidir leat do theach féin a choinneáil glan díghalraithe, méadaíonn dul amach chuig siopaí nó chuig spásanna poiblí baol na tógála.

Is féidir le dromchlaí ar minic lámh orthu, amhail cuntair shiopa agus caidéil pheitril, a bheith truaillithe má leag duine tinn lámh orthu romhat.

Is féidir le húsáid miotóg aon uaire cuidiú le tarchur frídíní a chosc. Tá bealach ceart le miotóga aon uaire a chur ort ionas go mbeidh siad éifeachtach.

An Dóigh le Miotóga Aon Uaire a Chur Ort

  1. Sula gcuireann tú ort miotóga aon uaire, nigh do chuid lámh le gallúnach agus uisce.
  2. Faigh greim ar thaobh istigh agus ar thaobh amuigh chufa na miotóige lena tógáil. Bí cúramach lámh a leagan a laghad agus is féidir ar thaobh amuigh na miotóige. Sleamhnaigh do lámh eile go cúramach isteach sa mhiotóg.
  3. Ná socraigh an mhiotóg ar do lámh go mbeidh an mhiotóg eile ort.
  4. Faigh greim ar thaobh istigh agus ar thaobh amuigh chufa na miotóige lena tógáil agus cuir ort an mhiotóg de réir na dtreoracha thuas.
  5. Seiceáil lena chinntiú nach bhfuil stróiceadh, sracadh ná poll le feiceáil sna miotóga. Má tá a leithéid ann, bain na miotóga, nigh do chuid lámh, agus cuir ort miotóga nua.
  6. Tarraing gach cufa i dtreo chaol na láimhe leis an oiread craicinn agus is féidir a chlúdach, agus daingnigh an mhiotóg.
  7. Má leagann tú lámh ar d’aghaidh, má stróiceann miotóg, nó má tá amhras ar bith ort faoi na miotóga a bheith salach nó truaillithe:
    • a. Bain na miotóga láithreach bonn agus faigh réidh leo.
    • b. Nigh do chuid lámh go mion.
    • c. Cuir ort péire úr miotóg.
  8. Faigh réidh leis na miotóga i ndiaidh gach úsáide. Ná hathúsáid in am ar bith iad.
  9. Nigh do chuid lámh go mion.

Réamhchúraimí Breise don Bhaile agus don Áit Oibre

  1. Le linn ráige, glan agus díghalraigh gnáthdhromchlaí ar minic lámh orthu agus áiteanna gnóthacha i do theach agus i d’áit oibre, níos minice ná mar is gnách:

    • Áiteanna a mbíonn páistí
    • Murláin
    • Ráillí staighre
    • Cuntair oibre
    • Sconnaí
    • Fóin
    • Barra deisce
    • Táblaí
    • Uillinneacha cathaoireacha
    • Gnáthdhromchla ar bith eile ar minic lámh air
  2. Bí cinnte fosta earraí agus rudaí ar minic lámh orthu a dhíghalrú:

    • Gléasanna leictreonacha pearsanta
    • Eochracha
    • Cártaí creidmheasa
    • Táibléid
    • Cianrialtáin
    • Méarchláir
    • Pinn
    • Earra nó rud ar bith eile ar minic lámh air
  3. Díghalraigh do sheomra folctha, do chistin agus d’fheithicil níos minice ná mar is gnách.
  4. Faigh treoracha ar dhífhabhtán ar bith ar leith atá le húsáid don chineál ráige. Seans go mbeidh ort táirge a úsáid a mharaíonn baictéir nó víreas ar leith.

An Teach a Fhágáil agus Filleadh Air

  1. Má tá ráig i do cheantar, ná fág do theach ach ar mhaithe le rudaí riachtanacha nó de réir mar a cheadaíonn rialacha áitiúla.
  2. Má chaitheann tú an teach a fhágáil, bíodh masc aghaidhe agus miotóga aon uaire ort.
  3. Coinnigh fad idir thú féin agus daoine eile in áiteanna poiblí.
  4. Sula dtéann tú isteach i do theach arís, déan na rudaí seo a leanas:

    • a. Bain díot do bhróga agus iad a fhágáil taobh amuigh nó iad a spraeáil le dífhabhtán.
    • b. Bain díot an masc agus na miotóga aon uaire.
    • c. Le péire úr miotóg, díghalraigh earra ar bith a d’úsáid tú nuair a bhí tú amuigh—eochracha, cártaí creidmheasa, tiachóg, etc.
  5. Faigh réidh leis na miotóga.
  6. Nigh do chuid lámh go mion.

Cloí le Rialacha agus le Treoirlínte Áitiúla

gcui_vm:healthy-booklet-local-guidelines

Má eisíonn údaráis rialacha, réamhchúraimí nó nósanna imeachta áitiúla le scaipeadh galair theagmhálaigh a chosc, lean iad sin agus iad i bhfeidhm.

Achoimre

Ach na treoirlínte agus na réamhchúraimí sa leabhrán seo a leanúint, is féidir leat cuidiú le scaipeadh tinnis a chosc agus le timpeallacht shláintiúil a choinneáil.



Is ar mhaithe le heolas amháin atá an t-eolas atá curtha ar fáil anseo, agus níor chóir a thuiscint gur ionadaí é ar chomhairle ghairmiúil leighis. Iarr i gcónaí comhairle ar do dhochtúir nó ar sholáthraithe cáilithe eile cúraim sláinte maidir le ceist ar bith atá agat.


Gluais

baictéir: orgánaigh an-bheag nach bhfuil iontu ach cill amháin nach féidir a fheiceáil ach trí mhicreascóp. Tá baictéir beagnach gach áit, ar a n-áirítear taobh istigh de chorp duine agus air. Tá cuid acu cuidiúil, amhail na baictéir a chuidíonn leis an díleá. Is féidir tionchar dochrach a bheith ag baictéir eile, amhail iad siúd is cúis le meath na bhfiacla nó le galair.

tuarthóir: ceimiceán láidir a úsáidtear le haghaidh glantacháin a mharaíonn baictéir dhochracha agus frídíní.

teagmhálach: inchurtha ar aghaidh ó dhuine go duine.

aicídeach: inchurtha ar aghaidh ó dhuine go duine, go háirithe trí theagmháil fhisiciúil nó tríd an aer.

dífhabhtán: ceimiceán leachtach a mharaíonn baictéir agus orgánaigh mhicreascópacha eile.

nimhiú bia: tinneas a thagann as bia a ithe atá truaillithe le baictéir dhochracha.

alcól arbhair: cineál alcóil a dhéantar le harbhar coipthe. Is leacht gan dath é a bhfuil boladh géar air agus feidhmeanna go leor leis, ar a n-áirítear baictéir agus víris ar leith a mharú.

sárocsaíd hidrigine: comhdhúil cheimiceach uisciúil a úsáidtear le horgánaigh mhicreascópacha a chothaíonn galar a mharú agus mar thuarthóir leis an dath a bhaint de rud nó é a dhéanamh níos gile.

sláinteachas: cleachtais ghlana nó shláintiúla atá riachtanach le sláinte mhaith a chosaint.

goir: bainteach le gor, an chéim i bhforbairt galair idir an t-am a dtagann an t‑ionfhabhtú ar dhuine agus an t-am a mbíonn na chéad airíonna den ghalar le feiceáil.

tógálaigh: bainteach le tógálach, aicídeach agus inchurtha ar aghaidh ó dhuine go duine.

aonrú: duine a bhfuil galar air a scaradh amach go hiomlán ó dhaoine eile le nach scaipfidh an galar.

díghalrán: substaint nó ullmhóid le horgánaigh mhicreascópacha a chothaíonn galar a mharú.

gallúnach: substaint a úsáidtear le táirgí a ní nó a ghlanadh. Ina solad nó ina leacht, ba cheart í a dhéanamh as substaintí orgánacha, substaintí a dhéanann tuaslagán ar iad a mheascadh le huisce, tuaslagán a ghlacann substaintí neamh-inmhianaithe isteach ann féin ansin, rud a fhágann gur féidir iad a shruthlú ar shiúl agus earra glan a fhágáil mar thoradh.

scornach streipeach: ionfhabhtú sa scornach ar cineál baictéir is cúis leis ar a dtugtar streipteacocas. Cothaíonn scornach streipeach scornach nimhneach, fiabhras agus laige.

airí: athrú sa chorp a léiríonn go bhfuil tinneas ar dhuine.

víreas: foinse aicídeach ghalair sa chorp atá róbheag le feiceáil le gnáth-mhicreascóp. Is féidir le víris daoine a ionfhabhtú leis an slaghdán nó le galair is tromchúisí.

Acmhainní Breise

Íoslódáil agus priontáil na comharthaí seo le húsáid sa bhaile agus/nó i do ghnó riachtanach.

Fad a Choinneáil idir Daoine

Is bealach éifeachtach é chun cosc a chur le scaipeadh tinnis agus ionfhabhtaithe é scaradh sóisialta a dhéanamh.

Teagmháil Phearsanta

Ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht gach duine, ná déan teagmháil phearsanta le daoine eile, le do thoil.

Nós Imeachta le Lámha a Ní

Is é ceann de na bealaí is éifeachtaí chun cosc a chur le scaipeadh frídíní é do lámha a ní.

Díghalrán Lámh

Baintear úsáid as díghalrán lámh chomh maith leis na lámha a ní, nó in áit nó suíomh nach bhfuil gallúnach agus uisce le fáil láithreach.