Réamhrá

Féadann baictéir agus víris scaipeadh. Agus duine i do theaghlach tinn le galar aicídeach, ní mór réamhchúraimí breise a dhéanamh le nach scaipfear an tinneas le baill eile den teaghlach.

Is é an chéad chéim leis an tarchur a chosc ná a bheith ar an eolas faoi na bealaí a bhféadann baictéir agus víris scaipeadh.

Cad is Baictéir agus Víris ann?
baictéir

Is orgánaigh bheaga bhídeacha aoncheallacha iad baictéir nach féidir a fheiceáil ach trí mhicreascóp. Faigheann baictéir a gcuid cothaitheach óna dtimpeallacht, is é sin uait féin nó ó neach nó ainmhí beo eile i roinnt cásanna.

Tá idir bhaictéir mhaithe agus drochbhaictéir ann. Ar na samplaí de bhaictéir mhaithe, tá na baictéir a chuidíonn leis an gcóras díleá trína choinneáil in ord is in inneall agus trí chosc a chur le baictéir dhochracha dul isteach ann.

Úsáidtear baictéir áirithe go fiú le cógais agus le vacsaíní a dhéanamh.

Tá baint ag baictéir dhochracha le cuasa sna fiacla, ionfhabhtuithe cluaise, scornach streipeach agus ionfhabhtuithe agus tinnis go leor eile.

víris

Is orgánaigh iontach bídeach ar fad iad víris, níos lú ná baictéir go fiú. Ní dhéanann víris atáirgeadh ná ní mhaireann siad ach amháin nuair a bhíonn siad taobh istigh de chill bheo. Cé gurb iondúil nach maireann víris rófhada agus iad taobh amuigh de chealla beo, féadann roinnt víreas maireachtáil ar feadh cúpla lá ar rudaí agus ar ábhair neamhbheo.

Má tá neach beo ionfhabhtaithe le víreas, tá an víreas le fáil i sreabháin coirp an neach sin. Agus nuair a fhágtar na sreabháin sin ar dhromchlaí, amhail murlán dorais nó sconna uisce, féadann an víreas maireachtáil ar na dromchlaí sin ar feadh uaireanta an chloig nó laethanta, agus is féidir go dtarchuirfí é go neach beo eile.

óstach

Is ionann óstach agus aon orgánach ar a maireann nó ina maireann baictéir nó víris, áit a bhfaigheann siad cothú agus cosaint. Is féidir le duine nó le hainmhí—cait, madraí, éin, aon rud beo—a bheith ina óstach.

I ndiaidh do víreas dul isteach i gcorp duine nó ainmhí (an t-óstach), iomadaíonn sé agus scaipeann go furasta, agus is féidir go dtarraingeoidh sé tinneas ar an óstach. Is víris is cúis le miontinnis, amhail slaghdáin, ach is iad is siocair fosta le galair is tromchúisí amhail an bhruitíneach.

An Dóigh a Scaipeann Baictéir agus Víris

Scaipeann baictéir agus víris (frídíní) ar go leor bealaí. Tá trí phríomhchineál de tharchur ann:

Teagmháil dhíreach

Teagmháil indíreach

Aeriompartha

Teagmháil Dhíreach

casachtach

Ciallaíonn teagmháil dhíreach, go bunúsach, teagmháil duine le duine. Cuimsíonn sé sin lámha a chroitheadh, bosa in airde, bualadh dorn, pógadh agus barróga.

Má óstálann corp duine frídíní, tá frídíní le fáil ina chuid sreabhán coirp. Nuair a dhéanann sé sraoth nó casacht, fágfar braoiníní sreabháin ar a chuid lámh.

Má dhéanann sé teagmháil dhíreach le duine eile ina dhiaidh sin, amhail lámh a chroitheadh leis, is féidir go ndéanfaidh sé frídíní a tharchur chuig an duine eile sin.

Teagmháil Indíreach

teagmháil indíreach

Tarlaíonn teagmháil indíreach nuair a scaipeann duine éigin frídíní ar rud roimh dhuine eile lámh a leagan ar an rud sin go dtarchuirtear na frídíní chuig an duine eile sin.

Féadann frídíní maireachtáil ar:

Murláin

Ráillí staighre

Cuntair oibre

Sconnaí

Fóin

Eochracha

Cártaí creidmheasa

Táibléid

Cianrialtáin

Méarchláir

Pinn

Dromchla nó aon rud eile ar minic lámh air.

casachtach

Ligeann an t-óstach sraoth nó déanann casacht agus leagann lámh ina dhiaidh sin ar an murlán go bhfágann sé frídíní air.

Leagann duine eile lámh ar an murlán céanna agus tógann sé na frídíní.

Má chuireann an duine a lámh ansin ar a chuid súl, ar a shrón, ar a bhéal nó ar a chuid cluas sula níonn sé a chuid lámh go mion, féadann na frídíní dul isteach ina chorp.

Tarlaíonn foirm eile de theagmháil indíreach nuair a roinneann daoine rudaí. Bíonn braoiníní de shreabhán coirp le fáil i rud ar bith a bhíonn i dteagmháil le béal duine.

Mar sin, tarlaíonn teagmháil indíreach nuair a roinneann daoine uirlisí, buidéil uisce, deochanna, bia, etc., agus is féidir go dtarchuirfí frídíní ó dhuine amháin go duine eile.

Aeriompartha

Is féidir le frídíní taisteal tríd an aer fosta, ó dhuine amháin go duine eile.

Mar shampla, scaoiltear frídíní isteach san aer nuair a dhéanann óstach sraoth nó casacht. Féadann na braoiníní beaga bídeacha ó chasacht nó ó shraoth taisteal agus frídíní a scaipeadh nuair a thiteann siad ar dhromchlaí nó ar dhuine eile.

Bíonn daoine ag cur craicinn agus gruaige díobh féin i rith an ama. Seans go mbeadh frídíní iontu sin fosta ar féidir go dtaistealóidís tríd an aer agus daoine eile a ionfhabhtú.

Is é an rud tábhachtach ar gá cuimhneamh air gur féidir go mbeadh duine ina óstach i ngan fhios dó féin. Mar shampla, d’fhéadfadh sé go mbeadh víreas ina chorp ag duine ach gan airí ar bith den tinneas air. D’fhéadfadh sé, le fírinne, nach n-éireodh sé tinn ar chor ar bith. Ach is féidir, fós féin, go dtógfaidh duine eile a thiocfaidh i dteagmháil leisean an víreas agus go n-éireoidh an duine sin tinn.

An Dóigh a Scaipeann Baictéir agus Víris

1

Frídíní
Is baictéir nó víris iad frídíní ar féidir leo ionfhabhtú nó tinneas a chothú.

2

Óstach
Maireann na frídíní i gcealla duine nó ainmhí (an t-óstach).

3

Slí Amach
Imíonn na frídíní as an óstach trí na súile, tríd an tsrón, tríd an mbéal, trí na cluasa, trí chneácha oscailte, trí chonair an fhuail, etc.

Teagmháil Dhíreach
(duine le duine)
Teagmháil Indíreach
(duine go rud, nó bia nó deoch roinnte,
go duine)
4

Tarchur
Déantar na frídíní a tharchur trí theagmháil dhíreach nó indíreach, nó tríd an aer.

Aeriompartha
(tríd an aer)
4

Tarchur
Déantar na frídíní a tharchur trí theagmháil dhíreach nó indíreach, nó tríd an aer.

5

Bealach Isteach
Ionfhabhtaíonn na frídíní óstach nua trí na súile, tríd an tsrón, tríd an mbéal, trí na cluasa, trí chneácha oscailte, etc.

6

Óstach Úr
D’fhéadfadh sé go n-éireodh an t-óstach úr tinn ach ní i gcónaí, ach féadann sé na frídíní a tharchur chuig daoine eile.

Treoirlínte do Theaghlaigh ina bhfuil Duine á Aonrú

Mar gur furasta frídíní a tharchur ó dhuine amháin go duine eile, tá sé tábhachtach duine ar bith atá tinn nó a d’fhéadfadh a bheith tinn agus galar tógálach air a aonrú chun daoine eile a chosaint—baill teaghlaigh, cairde, comhghleacaithe agus an chuid eile den tsochaí. Ciallaíonn aonrú duine fanacht scartha ionas nach gcuirfear frídíní ar aghaidh chuig daoine eile.

Má bhíonn duine i do theaghlach tinn le galar tógálach (nó má shíleann tú go bhféadfadh an duine a bheith aicídeach i bhfianaise a chuid siomptóm), déan na rudaí seo a leanas láithreach:

  1. Coinnigh do theaghlach iomlán sa bhaile.
  2. Ná gabh ar obair ná ar scoil. Bí ag obair nó ag staidéar sa bhaile.
  3. Déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh le haghaidh comhairle. Cuir glaoch ar chlinic nó oifig dochtúra nó ospidéal roimh dhul ann. B’fhéidir gur mhaith an mhaise fanacht sa bhaile agus daoine eile a chosaint ar ionfhabhtú, ach amháin más diantinneas atá i gceist.
  4. Tabhair do d’aire: má tá dianairíonna ar dhuine, amhail gearranáil, fiabhras ard, etc., ní mór cóir leighis a lorg láithreach.
  5. Coinnigh an duine atá tinn scartha ón gcuid eile den teaghlach. Cinntigh nach mbíonn aon teagmháil ag daoine aosta ná ag daoine atá so-ghabhálach i leith ionfhabhtuithe leis an duine atá tinn.
  6. Ná bíodh an duine atá tinn i dteagmháil le peataí ná le hainmhithe eile.
  7. Má dhéanann duine tinn bánaí lena mhadra nó lena chat, mar shampla, b’fhéidir go bhfágfadh sé frídíní ar fhionnadh an pheata a dtiocfadh iad a tharchur chuig daoine eile a dhéanann bánaí leis an bpeata ina dhiaidh sin.
  8. Codlaíodh an duine tinn i seomra ar leith go dtí go mbeidh biseach iomlán air agus gan é aicídeach níos mó.
  9. Fiafraigh de do dhochtúir cá huair a bheadh sé sábháilte don duine filleadh ar an obair nó teagmháil a bheith aige le daoine eile arís.
  10. Déan do dhícheall cloí go hiomlán leis na moltaí sláinteachais agus díghalraithe atá le fáil sa leabhrán seo.

Glanadh agus Díghalrú

Ní mór glanadh agus díghalrú go minic agus duine i do theaghlach tinn le galar tógálach.

Is é atá i gceist le glanadh salachar agus neamhghlaine a bhaint de dhromchlaí. Ní fhaigheann glanadh amháin réidh le gach aon fhrídín.

Is ionann díghalrú agus ceimiceáin a úsáid chun na frídíní atá ar dhromchlaí a mharú. Ní gá go bhfágfadh díghalrú dromchlaí glan, ach is féidir, ach na frídíní ar dhromchla a mharú i ndiaidh a ghlanta, go n-ísleofaí a thuilleadh an baol go scaipfí ionfhabhtú.

Táirgí don Díghalrú

Nuair a bhíonn duine i do theaghlach tinn agus á aonrú, glan agus díghalraigh níos minice, go háirithe dromchlaí ar minic lámh orthu, amhail táblaí, murláin dorais, lasca solais, hanlaí, deasca, gutháin, leithris, sconnaí agus doirtil.

  1. Le dromchla a dhíghalrú, úsáid gnáth-dhífhabhtán, amhail sárocsaíd hidrigine. Úsáid tiúchan ar bith idir 3% (gnáth-ghrád tí) agus 7.9%.
  2. Dífhabhtán éifeachtach eile iad alcól arbhair agus alcól cuimilte. Úsáid táirgí alcólbhunaithe a bhfuil 70% d’alcól ar a laghad iontu. bain úsáid as táirge a bhfuil tiúchan alcóil os cionn 90% ann, mar go n‑imeoidh sin ina ghal sula maróidh sé víris.
  3. Is féidir tuaslagán tuarthóir-agus-uisce a úsáid ina bhfuil 1/12 de chupán (4 taespúnóg) i ngach cart d’uisce fionnuar (20 ml de thuarthóir i ngach lítear d’uisce fionnuar). Agus tuaslagán tuarthóra á dhéanamh agat, seiceáil i gcónaí dáta éaga an bhuidéil lena chinntiú nach bhfuil an tuarthóir ó mhaith.
  4. Nóta: ná measc tuarthóir in am ar bith le tuaslagán ná le leacht ar bith eile glantacháin ach uisce.
  5. Léigh agus lean treoracha an déantóra i gcónaí maidir le húsáid an táirge dífhabhtáin, ar a n-áirítear an fad atá sé le fágáil ar dhromchla.

Seomra an Duine Aonraithe

Más gá duit a bheith i dteagmháil leis an duine tinn, mar gheall ar aois nó ar éiglíocht an duine:

  1. Cuir ort masc aghaidhe agus miotóga aon uaire i gcónaí sula dtéann tú isteach i seomra an duine thinn.
  2. Cinntigh go gcuireann an duine tinn masc aghaidhe air féin fosta sula dtéann tú isteach sa seomra.
  3. Bain díot do mhasc agus caith amach na miotóga i mbosca bruscair líneáilte agus tú ag imeacht ón seomra.
  4. Nigh do chuid lámh go mion.

Seomra Folctha

Ba cheart do dhuine tinn atá á aonrú seomra folctha a úsáid nach bhfuil na daoine eile sa teach a úsáid.

Mura bhfuil seomra folctha ar leith ar fáil:

  1. Díghalraigh an seomra folctha go hiomlán i ndiaidh gach úsáide, ag cloí leis na treoirlínte ar ghlanadh agus ar dhíghalrú atá le fáil sa leabhrán seo.
  2. Úsáid miotóga aon uaire (agus, go hidéalach, masc aghaidhe má tá ceann agat) agus tú ag glanadh agus ag díghalrú an tseomra folctha.
  3. Agus tú réidh leis an díghalrú, bain díot agus faigh réidh leis na miotóga.
  4. Nigh do chuid lámh go mion.

Soithí agus Uirlisí

Ba cheart don duine atá á aonrú soithí agus uirlisí aon uaire a úsáid.

Mura bhfuil soithí agus uirlisí aon uaire ar fáil, nigh agus díghalraigh na soithí i miasniteoir ag a bhfuil teocht deiridh sruthlaithe de 150° F (65° C) ar a laghad.

Mura bhfuil miasniteoir ar fáil, déan an méid seo a leanas leis na soithí a dhíghalrú go hiomlán:

  1. Úsáid miotóga aon uaire (agus masc aghaidhe, má tá ceann agat) chun na soithí a iompar go díreach chuig doirteal folamh. Coinnigh na miotóga ort.
  2. Nigh agus sruthlaigh na soithí, earraí gloine agus uirlisí go mion.
  3. Bain díot agus faigh réidh leis na miotóga. Nigh do chuid lámh go mion. Cuir ort péire úr miotóg.
  4. Fág na soithí ar maos, ar feadh dhá nóiméad ar a laghad, i dtuaslagán de 2 taespúnóg de thuarthóir i ngach 1 galún d’uisce fionnuar (10 ml de thuarthóir i ngach 4 lítear d’uisce fionnuar).
  5. Taosc iad agus triomaigh san aer iad.
  6. Bain díot agus faigh réidh leis na miotóga.
  7. Nigh do chuid lámh go mion.

Bruscar

  1. Bíodh bosca bruscair líneáilte ar leith ann do sheomra an duine thinn.
  2. Úsáid miotóga aon uaire (agus masc aghaidhe, má tá ceann agat) agus tú ag baint amach málaí bruscair agus ag láimhseáil nó ag fáil réidh le bruscar duine atá tinn.
  3. Cuir an mála bruscair iomlán dúnta i gcoimeádán bruscair taobh amuigh.
  4. Bain díot agus faigh réidh leis na miotóga.
  5. Nigh do chuid lámh go mion.

Níochán

Caith miotóga aon uaire (agus masc aghaidhe, má tá ceann agat) i gcónaí agus tú ag plé le níochán salach duine atá aicídeach.

  1. Coinnigh níochán an duine thinn scartha ón gcuid eile den teaghlach. Cuir mála aon uaire nó líneálach ar fáil a bhféadfaí é a ní leis an gcuid eile de níochán an duine thinn.
  2. Rabhadh: ná croith an níochán le nach scaipfidh tú frídíní tríd an aer!
  3. Nigh éadaí de réir threoracha an innill níocháin, agus úsáid an socrú is teo is féidir. Dá airde an teocht, is amhlaidh is dóchúla atá sé go maróidh tú na víris agus na baictéir.
  4. Rabhadh: ná cuir barraíocht éadaí ná línéadaí san inneall níocháin. Fág go leor spáis le go mbeidh an t-uisce in ann salachar agus frídíní a ní ar shiúl go cuí.
  5. I ndiaidh duit níochán an duine thinn a chur isteach san inneall, bain díot agus faigh réidh leis na miotóga.
  6. Nigh do chuid lámh go mion.
  7. Tosaigh an ciogal níocháin. Chomh luath is a bheidh an t-uisce ag rith san inneall níocháin, cuir idir ½ cupáin agus 1 cupán (idir 120 agus 240 ml) de shárocsaíd hidrigine isteach san inneall níocháin.
  8. Rabhadh: ná doirt sárocsaíd hidrigine go díreach ar rud ar bith nach bhfuil bán, nó déanfar é a thuar.
  9. Triomaigh an níochán go hiomlán ag an socrú molta is teo.
  10. Díghalraigh an t-inneall níocháin de réir threoracha an déantóra.
  11. Roimh líneálach eile a chur isteach, glan agus díghalraigh ciseán éadaí an duine thinn, ag cloí leis na moltaí díghalraithe atá le fáil sa leabhrán seo.
  12. Achoimre

    Ach na treoirlínte agus na réamhchúraimí sa leabhrán seo a leanúint, is féidir leat cuidiú le scaipeadh tinnis a chosc.



    Is ar mhaithe le heolas amháin atá an t-eolas atá curtha ar fáil anseo, agus níor chóir a thuiscint gur ionadaí é ar chomhairle ghairmiúil leighis. Iarr i gcónaí comhairle ar do dhochtúir nó ar sholáthraithe cáilithe eile cúraim sláinte maidir le ceist ar bith atá agat.


    Gluais

    aeriompartha: bogann tríd an aer.

    baictéir: orgánaigh an-bheag nach bhfuil iontu ach cill amháin nach féidir a fheiceáil ach trí mhicreascóp. Tá baictéir beagnach gach áit, ar a n-áirítear taobh istigh de chorp duine agus air. Tá cuid acu cuidiúil, amhail na baictéir a chuidíonn leis an díleá. Is féidir tionchar dochrach a bheith ag baictéir eile, amhail iad siúd is cúis le meath na bhfiacla nó le galair.

    tuarthóir: ceimiceán láidir a úsáidtear le haghaidh glantacháin a mharaíonn baictéir dhochracha agus frídíní.

    sreabháin coirp: na sreabháin a thagann ón taobh istigh den chorp, mar atá seile, fual, múcas agus fuil.

    aicídeach: inchurtha ar aghaidh ó dhuine go duine, go háirithe trí theagmháil fhisiciúil nó tríd an aer.

    dífhabhtán: ceimiceán leachtach a mharaíonn baictéir agus orgánaigh mhicreascópacha eile.

    braoinín: braon iontach beag de leacht a chruthaítear nuair a dhéanann duine sraoth nó casacht nó nuair a labhraíonn sé, etc., ina bhfuil substaintí ó sheile agus ó mhúcas agus ar féidir oibreáin thógálacha, amhail víris agus baictéir, a bheith ann.

    grád: bainteach le céim nó le rátáil i scála a bheadh aicmithe de réir caighdeáin, céime, fiúntais, déine, etc.

    alcól arbhair: cineál alcóil a dhéantar le harbhar coipthe. Is leacht gan dath é a bhfuil boladh géar air agus feidhmeanna go leor leis, ar a n-áirítear baictéir agus víris ar leith a mharú.

    óstach: orgánach a maireann orgánach eile ann nó air.

    sárocsaíd hidrigine: comhdhúil cheimiceach uisciúil a úsáidtear le horgánaigh mhicreascópacha a chothaíonn galar a mharú agus mar thuarthóir leis an dath a bhaint de rud nó é a dhéanamh níos gile.

    ionfhabhtú: galar nó riocht sláinte a eascraíonn as víreas, as baictéir, etc.

    éiglíocht: riocht sláinte a fhágann easpa nirt nó fuinnimh ag duine.

    bruitíneach, an(bh): galar an-tógálach a thagann ar dhuine le linn a óige, de ghnáth, lena ngabhann siomptóim mar theocht ard agus gríos geal dearg de spotaí beaga a leathann ar fud an choirp.

    réamhchúram: rud a dhéantar le daoine a chosaint ar thinneas, dochar nó trioblóid a d’fhéadfadh a bheith ann.

    díghalraithe: bainteach le díghalrú, rud a dhéanamh sláintíoch, glan agus saor ó orgánaigh mhicreascópacha a chothaíonn galair.

    tuaslagán: meascán de dhá shubstaint, nó níos mó, amhail solad atá tuaslagtha i leacht.

    scornach streipeach: ionfhabhtú sa scornach ar cineál baictéir is cúis leis ar a dtugtar streipteacocas. Cothaíonn scornach streipeach scornach nimhneach, fiabhras agus laige.

    so-ghabhálach: daoine ar dócha go mbeidh tionchar ag rud áirithe orthu, nó go rachadh sé i bhfeidhm orthu.

    airí: athrú sa chorp a léiríonn go bhfuil tinneas ar dhuine.

    tarchur: víris, tinnis nó galair á chur ar aghaidh ó dhuine amháin go duine eile.

    conair an fhuail: córas d’orgáin agus de bhaill sa chorp a tháirgeann, a stórálann agus a chuireann amach fual.

    víreas: foinse aicídeach ghalair sa chorp atá róbheag le feiceáil le gnáth-mhicreascóp. Is féidir le víris daoine a ionfhabhtú leis an slaghdán nó le galair is tromchúisí.

Acmhainní Breise

Íoslódáil agus priontáil na comharthaí seo le húsáid sa bhaile agus/nó i do ghnó riachtanach.

Fad a Choinneáil idir Daoine

Is bealach éifeachtach é chun cosc a chur le scaipeadh tinnis agus ionfhabhtaithe é scaradh sóisialta a dhéanamh.

Teagmháil Phearsanta

Ar mhaithe le sláinte agus sábháilteacht gach duine, ná déan teagmháil phearsanta le daoine eile, le do thoil.

Nós Imeachta le Lámha a Ní

Is é ceann de na bealaí is éifeachtaí chun cosc a chur le scaipeadh frídíní é do lámha a ní.

Díghalrán Lámh

Baintear úsáid as díghalrán lámh chomh maith leis na lámha a ní, nó in áit nó suíomh nach bhfuil gallúnach agus uisce le fáil láithreach.